1. |
||||
Méar agus Ordóg* (Finger and Thumb)
Méar agus ordóg ag bogadh,
Méar agus ordóg ag bogadh,
Méar agus ordóg ag bogadh
Beidh muid sona ‘gus sásta
Méar agus ordóg ‘is lámh ag bogadh,
Méar agus ordóg ‘is lámh ag bogadh,
Méar agus ordóg ‘is lámh ag bogadh
Beidh muid sona ‘gus sásta
Méar agus ordóg ‘is lámh ‘is cos ag bogadh,
Méar agus ordóg ‘is lámh ‘is cos ag bogadh,
Méar agus ordóg ‘is lámh ‘is cos ag bogadh
Beidh muid sona ‘gus sásta
Méar agus ordóg ‘is lámh ‘is cos ‘is creatha an chinn ag bogadh,
Méar agus ordóg ‘is lámh ‘is cos ‘is creatha an chinn ag bogadh,
Méar agus ordóg ‘is lámh ‘is cos ‘is creatha an chinn ag bogadh
Beidh muid sona ‘gus sásta
Méar agus ordóg ‘is lámh ‘is cos ‘is creatha an chinn, seas suas, suigh síos ag bogadh,
Méar agus ordóg ‘is lámh ‘is cos ‘is creatha an chinn, seas suas, suigh síos ag bogadh,
Méar agus ordóg ‘is lámh ‘is cos ‘is creatha an chinn, seas suas, suigh síos ag bogadh
Beidh muid sona ‘gus sásta
Méar agus ordóg ‘is lámh ‘is cos ‘is creatha an chinn, seas suas, tiontaigh thart, suigh síos ag bogadh,
Méar agus ordóg ‘is lámh ‘is cos ‘is creatha an chinn, seas suas, tiontaigh thart, suigh síos ag bogadh,
Méar agus ordóg ‘is lámh ‘is cos ‘is creatha an chinn, seas suas, tiontaigh thart, suigh síos ag bogadh
Beidh muid sona ‘gus sásta
Translation (last verse):
Finger and thumb and hand (arm) and foot (leg) and shake the head and stand up, turn around, sit down, moving (repeat 3 times)
We will be happy and content
|
||||
2. |
Cúig Ubh (Five Eggs)
01:07
|
|||
Cúig Ubh (Five Eggs)
Cúig ubh istigh sa nead
Cearc ar gor: glug, glug, glug –
Scoilt blaosc, scoilt sí arís,
Tháinig sicín amach: tsíp! tsíp!
Ceithre ubh istigh sa nead
Cearc ar gor: glug, glug, glug –
Scoilt blaosc, scoilt sí arís,
Tháinig sicín amach: tsíp! tsíp!
Trí ubh istigh sa nead
Cearc ar gor: glug, glug, glug –
Scoilt blaosc, scoilt sí arís,
Tháinig sicín amach: tsíp! tsíp!
Dhá ubh istigh sa nead
Cearc ar gor: glug, glug, glug –
Scoilt blaosc, scoilt sí arís,
Tháinig sicín amach: tsíp! tsíp!
Ubh amháin istigh sa nead
Cearc ar gor: glug, glug, glug –
Scoilt blaosc, scoilt sí arís,
Tháinig sicín amach: tsíp! tsíp!
Translation:
Five eggs in the nest
A hen brooding: cluck cluck cluck
A shell cracks, it cracks again
Out comes a little chick: cheep! cheep!
Four eggs…
Three…, Two…, One…
|
||||
3. |
Éiníní (Little Birds)
02:18
|
|||
Éiníní, éiníní, codalaígí, codalaígí
Éiníní, éiníní, codalaígí, codalaígí
Curfa:
Codalaígí, codalaígí
Cois an chlaí amuigh, cois an chlaí amuigh
Codalaígí, codalaígí
Cois an chlaí amuigh, cois an chlaí amuigh
An londubh is an fiachdubh
Téigí chodladh, téigí chodladh
An cheirseach is an preachain
Téigí chodladh, téigí chodladh
An spideog is an fhuiseog
Téigí chodladh, téigí chodladh
An dreólín is an smóilín
Téigí chodladh, téigí chodladh
Translation:
Little birds, little birds, sleep, sleep
Little birds, little birds, sleep, sleep
Chorus:
Sleep, sleep, next to the wall outside, next to the wall outside
Sleep, sleep, next to the wall outside, next to the wall outside
The blackbird and the raven, go to sleep, go to sleep
The (female) blackbird and the crow, go to sleep, go to sleep
The robin and the lark, go to sleep, go to sleep
The wren and the thrush, go to sleep, go to sleep
|
||||
4. |
||||
Nead na lachan sa mhúta
Nead na lachan sa mhúta
Nead na lachan sa mhúta
‘s cuirfidh mé amach ar an gcuan thú
Curfá:
Haigh dí didil dí didil dí
Haigh dí dí dil dero
Haigh didil didil dí didil dí dí
Dí didil dí dero
Béarfaidh mé currach is criú dhuit
Béarfaidh mé currach is criú dhuit
Béarfaidh mé currach is criú dhuit
‘s cuirfidh mé amach ar an gcuan thú
Ceannóidh mé slat agus d’rú dhuit
Ceannóidh mé slat agus d’rú dhuit
Ceannóidh mé slat agus d’rú dhuit
‘s cuirfidh mé amach ar an gcuan thú
Translation:
The duck’s nest in the moat (repeat 3 times)
And I will send you out on the bay
I’ll get you a curragh and crew (repeat 3 times)
And I’ll send you out on the bay
I will buy you a rod and line
And I will send you out on the bay
|
||||
5. |
Aon, Dó (One, Two)
00:41
|
|||
Aon, dó. Aon, dó, trí –
Luichíní istigh sa tuí!
Ceathair, cúig. Ceathair, cúig, sé –
Tháinig gandal ‘is cúpla gé!
Seacht, ocht. Seacht, ocht, naoi –
Thosaidh siad ag déanamh spraoi!
Translation:
One, two. One, two, three –
Mice in the thatch!
Four, five. Four, five, six –
A gander came, and a couple of geese!
Seven, eight. Seven, eight, nine –
They started having fun!
|
||||
6. |
Báidín Fheilimí
01:52
|
|||
Báidín Fheilimí d’imigh go Gabhla
Báidín Fheilimí ‘s Feilimí ann
Curfá:
Báidín bídeach, báidín beosach
Báidín bóidheach, báidín Fheilimí
Báidín díreach, báidín deontach
Báidín Fheilimí ‘s Feilimí ann
Báidín Fheilimí d’imigh go Toraidh
Báidín Fheilimí ‘s Feilimí ann
Báidín Fheilimí briseadh i dToraidh
Báidín Fheilimí ‘s Feilimí ann
Translation:
Feilimí’s little boat went to Gabhla
Feilimí’s little boat and Feilimí in it
Little tiny boat, lively little boat
Beautiful little boat, Feilimí’s little boat
Exact little boat, agreeable little boat
Feilimí’s little boat and Feilimí in it
Feilimí’s little boat went to Tory
Feilimí’s little boat and Feilimí in it
Feilimí’s little boat breaking in Tory
Feilimí’s little boat and Feilimí in it
|
||||
7. |
||||
Cuirfimid deaindí deaindí, cuirfimid deaindí deaindí ar Mháire
Cuirfimid deaindí deaindí, bróga is stocaí bana
Curfá:
Oró damhs’ is damhs’ is oró damhsa go haerach
Oró damhs’ is damhs’ is damhs’ is damhs’ a lao ghil
Déanfaidh sí damhsa is damhsa, déanfaidh sí damhsa le pléisiúr,
Déanfaidh sí damhsa is damhsa, mé féin ‘s í féin le chéile
Rachaidh mé siar is siar is rachaidh mé siar lem’ stóirín
Rachaidh mé siar is siar is fanfaidh muid thiar a’ spórtaíocht
Caithfimid suas é suas é, caithfimid suas a’ páiste
Caithfimid suas é suas é ‘s tiocfaidh sé anuas amárach
Translation:
We’ll put a dandy dandy, we’ll put a dandy dandy on Mary
We’ll put a dandy dandy, shoes and white socks
Chorus:
Oró dance and dance and oró dance lightly
Oró dance and dance and dance and dance darling* (*literally “bright calf”)
She will dance and dance, she will dance with pleasure
She will dance and dance, me and her together (myself and herself together)
I will go west and west and I will go west with my darling* (* literally “little treasure”)
I will go west and west and we will stay there sporting
We’ll toss him up him up, we’ll toss the child up
We’ll toss him up him up and he’ll come down tomorrow
|
||||
8. |
||||
Íne míne maighne mó
Tá na ba istigh sa chró
Má tá said ag géimneach, scaoiligí leo
Íne míne maighne mó
Íne míne maighne mó
Tá na caoirigh istigh sa chró
Má tá said ag méileach, scaoiligí leo
Íne míne maighne mó
Íne míne maighne mó
Tá na géanna istigh sa chró
Má tá said ag grágalach, scaoiligí leo
Íne míne maighne mó
Translation:
The cows are in the stall
If they are lowing, set them loose
The sheep are in the stall
If they are bleating, set them loose
The geese are in the stall
If they are honking, set them loose
|
||||
9. |
||||
Curfá:
Dilín ó damhsa damhs’, Dilín ó damhsa dí
Dilín ó damhsa damhsa damhsa, Dilín ó damhsa dí
Cuirfeadh mo rún chun suain, Cuirfeadh mo rún ‘na luí
Cuirfeadh mo rún chun suain go ciúin le Dilín ó damhsa dí
Goirm i gcónaí ‘gcónaí, goirm i gcónaí dom,
Goirm i gcónaí ‘gcónaí ‘gcónaí, maidin De Luain a b’fhearr.
Buachaill aniar aniar, buachaill aniar a b’fhearr,
Buachaill aniar aniar aniar, is cailín ó Shliabh na bPeann.
Buachaill maith súiste súiste, buachaill maith súiste b’fhearr,
Buachaill maith súiste súiste súiste is cailín deas túirne leann.
Translation:
Chorus:
Dilín ó dance dance, Dilín ó dance dí
Dilín ó dance dance dance, Dilín ó dance dí
I will put my love to sleep, I will lay my love down
I will put my love to sleep quietly with Dilín ó damhsa dí
Always always fond, always fond to me,
Always always always fond, Monday morning is best.
A boy from the west, from the west; a boy from the west is best,
A boy from the west, from the west, from the west; and a girl from Sliabh na bPeann.
A good boy flailing corn, flailing corn; A good boy flailing corn is best.
A good boy flailing corn, flailing corn, flailing corn, and a pretty girl spinning.
|
||||
10. |
||||
A’ bhfaca tú mo Shéamaisín
Mo mhaicín óg, mo bhuachaillín?
A’ bhfaca tú mo Shéamaisín
Is é ‘dhul síos an bóthar?
Níl bróg ar bith ar a dhá choisín
Ar a dhá choisín, ar a dhá choisín
Níl bróg ar bith ar a dhá choisín
Ná hata air ná clóca.
A’ dhul ar scoil tá Séamaisín
Mo mhaicín óg, mo bhuachaillín
A’ dhul ar scoil tá Séamaisín
‘S a leabhairín buí ina phóca.
Ar a dhroim tá mailín beag
Tá mailín beag, tá mailín beag
Ar a dhroim tá mailín beag
‘S a lóinín ann is dócha.
A’ bhfaca tú mo Shéamaisín
Mo mhaicín óg, mo bhuachaillín?
A’ bhfaca tú mo Shéamaisín
Is é ‘dhul síos an bóthar?
Translation:
Have you seen my little Séamus
My young little son, my little boy
Have you seen my little Séamus
And he going down the road?
There are no shoes at all on his two little feet
On his two little feet, on his two little feet
There are no shoes at all on his two little feet
Nor a hat on him, nor a cloak.
Little Séamus is going to school
My young little son, my little boy
Little Séamus is going to school
And his little yellow book in his pocket.
On his back is a little bag
Is a little bag, is a little bag
On his back is a little bag
And probably his little lunch in it.
|
||||
11. |
Bog Braon (A Warm Drop)
01:44
|
|||
Curfá:
Bog braon, bog braon, bog braon don tseanduine
Bog braon ‘s blais féin, bog braon don tseanduine
Cuir a chodladh, cuir a chodladh, cuir a chodladh an seanduine
Cuir a chodladh, nigh a chosa, bog braon don tseanduine
Ubh circe, ubh circe, ubh circe don tseanduine
Ubh circe ‘s blúirín ime ‘s é a thabhairt don tseanduine
Arán úr, arán úr, arán úr don tseanduine
Arán úr, is braon sú ‘s é a thabhairt don tseanduine
Translation:
Chorus:
A warm drop, a warm drop, a warm drop for the old man
A warm drop and taste it yourself, a warm drop for the old man
Put to sleep, put to sleep, put to sleep the old man
Put to sleep, and wash his feet, a warm drop for the old man
A hen’s egg, a hen’s egg, a hen’s egg for the old man
A hen’s egg and a little butter and give it to the old man
Fresh bread, fresh bread, fresh bread for the old man
Fresh bread and a drop of soup and give it to the old man
|
Caera Seattle, Washington
From haunting Celtic lullabies, through laments of intense grief and pain, to songs of healing and hope, Caera’s music always contains an authenticity that can be hard to find in today’s music, or even in today’s world in general. Powerful soprano vocals blend with the bell-like tones of her brass-strung Gaelic harp to create music that carries people through life, dreaming or fully awake. ... more
Streaming and Download help
If you like Caera, you may also like:
Bandcamp Daily your guide to the world of Bandcamp